Science is Wonderful! 2021
Saor in aisce agus oscailte do chách, le Science is Wonderful! tugtar domhan na heolaíochta, an taighde agus na nuálaíochta chuig bunscoileanna agus meánscoileanna. Déanann eolaithe ó gach disciplín malartú le múinteoirí agus scoláirí chun iad a spreagadh agus chun saol draíochtúil an taighde a thaispeáint dóibh.
Bhí Science is Wonderful! 2021 ar siúl ar líne ón 10 go 26 Samhain agus bhí 500 taighdeoir, os cionn 2,600 scoil agus 20,000 scoláire as gach cearn den Eoraip páirteach ann. Beidh an chéad eagrán eile den imeacht ar siúl in 2022.
Tabhair cuairt ar Science is Wonderful! Digital chun teacht ar acmhainní teagaisc, cluichí agus físeáin a d’ullmhaigh ár n-eolaithe lena n-úsáid le do scoláirí i rith na bliana. Is féidir leat clárú le hardán Science is Wonderful! Live freisin agus é a rochtain chun féachaint arís ar na seimineáir ghréasáin bheo a taispeánadh le linn an imeachta.
Maidir leis an imeacht
Teachtaireacht fáilte le Mariya Gabriel
Tá na teidil ar fáil i do theanga! Cliceáil an cnaipe 'teidil' ar an bhfíseán.
Gníomhaíochtaí Marie Sklodowska Curie
Science is Wonderful! Is tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh é Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA), an clár tagartha d’oideachas dochtúireachta agus d'oiliúint iardhochtúireachta. Tugann eolaithe tiomnaithe atá maoinithe ag an MSCA a gcuid eolaíochta níos gaire do pháistí agus méadaíonn siad suim na ndaoine óga i ngairmeacha eolaíochta agus taighde ar bhealaí spraíúla spreagúla. Tá siad ina rólchuspaí láidre freisin do pháistí agus do dhéagóirí ó gach cearn den domhan.
Tacaíonn an MSCA le hOíche Eorpach na dTaighdeoirí chomh maith, imeacht for-rochtana eolaíochta a eagraítear ar bhonn bliantúil i roinnt tíortha Eorpacha agus níos faide i gcéin.
Tuilleadh eolais faoin MSCA
