Skip to main content

Bliain Eorpach na hÓige

An 15 Meán Fómhair 2021, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen ina hAitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh go molfaidh an Coimisiún Eorpach Bliain Eorpach na hÓige a dhéanamh den bhliain 2022, 'bliain a bheidh tiomnaithe do chumhacht a thabhairt dóibh siúd a bhfuil an oiread sin déanta acu do dhaoine eile'. Agus béim á cur aici ar an muinín a fhaigheann sí do thodhchaí na hEorpa as an inspioráid a thugann daoine óga na hEorpa, dúirt an tUachtarán von der Leyen ‘má táimid chun cruth a chur ar ár nAontas, caithfidh daoine óga a bheith ábalta cruth a chur ar todhchaí na hEorpa.’   Bí ag faire amach ar Thairseach Eorpach na hÓige le haghaidh neart imeachtaí agus tionscnamh éifeachtacha atá le teacht in 2022 agus bí cinnte go gcloisfear tuairimí do scoláirí!


Tabhair cuairt ar Thairseach Eorpach na hÓige