Erasmus + agus DiscoverEU

An raibh a fhios agat go dtugann Erasmus + deiseanna do mhúinteoirí scoile, do bhaill foirne scoile, agus fiú do dhaltaí scoile?
Cé acu an mian leat páirt a ghlacadh in eispéireas soghluaisteachta chun scoláirí a theagasc, a oiliúint, nó bheith ina gcuideachta ar mhalartán thar lear, nó cé acu an dteastaíonn uait do scoil a spreagadh chun comhoibriú le hinstitiúidí oideachais eile, bí cinnte go bhféachfaidh tú ar Erasmus + agus ar ghníomhaíochtaí Jean Monnet!
A bhuí le Erasmus +, is féidir leis na scoláirí is sine atá agat páirt a ghlacadh in DiscoverEU, tionscnamh ón gCoimisiún Eorpach lena dtugtar deis do shaoránaigh 18 mbliana d’aois taisteal san Eoraip saor in aisce, an éagsúlacht inti a iniúchadh, foghlaim faoi oidhreacht agus stair chultúrtha na hEorpa, agus ceangal le daoine ó gach cearn den mhór-roinn.
Glac páirt in Erasmus + do scoileanna agus bain lántairbhe as gníomhaíochtaí Jean Monnet
Fógair DiscoverEU i measc na scoláirí níos sine atá agat